Ros na Rún

Suim agat scríobh do Ros na Rún? Teigh chuig  leathanach FB chun tuilleadh eolais a fháil!

Brú anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar an bpacáiste scríbhneoireachta

 

BUNCHÚRSA SCRÍBHNEOIREACHTA

 

An gceapann tú go bhfuil an bua agat a bheith ag scríobh do Ros na Rún? Táimid ag reáchtáil bunchúrsa scríbhneoireachta chun Scríbhneoirí nua a aimsiú agus má tá na cáilíochtaí seo a leanas agat ba bhreá linn cloisteáil uait!

  • SUIM A BHEITH AG SCRÍOBH DON TEILIFÍS
  • GAEILGE LÍOFA
  • SUIM FREASTAL AR CHEARDLANNA SCRÍBHNEOIREACHTA

 

Má tá suim agat a bheith páirteach sa bhunchúrsa seo, seol do CV agus píosa scríbhneoireachta * atá déanta agat chuig fiona@rosnarun.com.

Déanfar gearrliosta as na hiarratais ar fad agus tabharfar cuireadh do na daoine a roghnófar chuig ceardlanna a bheidh ar siúl ar an 6ú & 7ú Márta agus 27ú & 28ú Márta agus beidh aiseolas ar fáil i rith na gceardlanna sin.

Beidh an deis ann scríobh do Ros na Rún.

 

Beifear ag súil go mbeidh na hiarrthóirí rathúla ar fáil chun freastal ar na ceardlanna.

Is é an spriocdháta do na hiarratais ná Déardaoin, 26ú Feabhra 2015.

Má theastaíonn a thuilleadh eolais uait cuir glaoch ar Rannóg Scripte Ros na Rún ar 091-558400.

Ros na Rún, gach Máirt & Déardaoin ag 8.30 ar TG4.

 

*Séard atá i gceist anseo ná dráma, agallamh beirte srl. Ní filíocht ná aiste atá i gceist. Muna bhfuil tada scríofa agat, tá pacáiste scríbhneoireachta ar fáil thuas.

 

« back